Gaeilge

Cad é an chiall a bhaineann le logainmneacha?

Eoghan Ó hÍr

Cad é an chiall a bhaineann le logainmneacha?

Cad chuige a bhfuil suim nua á cur i logainmneacha ar na saolta seo?

Ceisteanna tábhachtacha is ea iad seo. Is cinnte go bhfuil logainmneacha i gcroílár ár n-oidhreacht chomhroinnte, rud atá thar a bheith luachmhar dúinne, agus tá baint ollmhór ag an Ghaeilge le logainmneacha.

An rud atá i gceist ná go raibh galldú na logainmneacha tar éis teacht na Normannach agus na Sasanach in Éirinn sa dara céad déag. Is ait an rud é ionas go dtugann logainmneacha léargas dúinn ar stair ár gceantair dhúchais.

Tá cultúr agus oidhreacht chomhroinnte againn anseo sa dóigh a bhfuil an Ghaeilge seanbhunaithe sna logainmneacha timpeall orainn. Mar sin de, is furasta dúinne dul sa tóir ar logainmneacha a bhfuil fréamhacha acu i nGaeilge.

Is as Baile Chlann Ghormlaithe ó dhúchas mé féin, ar imeall Bhéal Feirste agus ba é sin an áit ina raibh lonnaitheoirí na treibhe is sinne in Éirinn ann, ‘Dál Fiatach’. Chuir siad fúthu le linn an ochtú haois agus tugadh ‘Clann Gormlaithe’ (‘descendants of Gormlaith’) ar lucht na treibhe sin ó Chontae an Dúin.

Anois, ní hamháin gur leagan galldaithe é an logainm, ach, chítear dúinn go bhfuil an Ghaeilge i bhfad níos feiceálaí toisc go bhfuil níos mó suntas i gceist le brí an logainm.

I gcás áiteanna atá ar eolas go forleathan, seans go bhfuil an Ghaeilge le fáil ann. Tá cáil ar logainmneacha Bhéal Feirste go háirithe. Cuir i gcás, An Sruthán Milis i ndeisceart na cathrach. Is geall le sruth séimh í, ag bun an Lagáin, atá beagán níos milse (‘the sweet stream’). Is léir go dtagann brí an ainm áite i mbláth tríd an Ghaeilge anseo.

Sa bhreis air sin, díol suime is ea é go bhfuil baint mhór ag an Ghaeilge le hainmneacha na sléibhte agus is iad cuid dár tsaol, agus de na háiteanna lena mbaineann siad, níos feiceálaí inár measc. Is í Beann Mhadagáin (‘Madagán’s peak’) an sliabh os cionn Thuaisceart Bhéal Feirste, a bhaineann le Rí Uladh, agus ainm a dtugtar ar an siopa áitiúil, ar shráid Pháirc Bheann Mhadagáin Theas, agus ar Bhunscoil Bheann Mhadagáin fosta.

Chomh maith, tá Sliabh Binneáin (‘mountain of the little peak’) i measc na Beanna Boirche, agus tugtar Broinn Bhinneáin (‘breast of Binneáin’ – wee Binnian) ar an sliabh níos lú anseo. Cuirtear i gcuimhne dom ó am go ham go bhfuil neart samplaí ann agus

go bhfuil fás as cuimse i dtaca leis an saibhreas oidhreachta, cosúil le Léim an Mhadaidh (‘Leap of the dog’) i nDoire, rud álainn nach bhfuil mórán castacht i gceist!

Is fíor go bhfuil suntas mór ag logainmneacha i mbailte fearainn ar fud na háite, ar dhóigh a bhaineann le stair an oileáin, scéalaíocht agus féiniúlacht. Cuirim béim ar an ghaol seo ionas go bhfuil áit ann gur féidir linn ár n-oidhreacht chomhroinnte a chur in iúl, agus a thugann braistint áite láidir dúinn uilig.

Foclóir:

Braistint áite – Sense of place

Logainm – Place name

Éagsúlacht – Diversity

Oidhreacht chomhroinnte – Shared heritage

Baile Chlann Ghormlaithe – Glengormley

An Sruthán Milis – Stranmillis

An Lagáin – River Lagan

Beann Mhadagáin – Cavehill

Na Beanna Boirche – The Mourne Mountains

Sliabh Binneáin – Slieve Binnian

Broinn Bhinneáin – Wee Binnian

Léim an Mhadaidh – Limavady

Feiceálach – Noticeable

Féiniúlacht – Identity

Tagairt:

[1] McKay, P. (2007) ‘A Dictionary of Ulster Place – Names’, 2nd ed., Cló Ollscoil na Banríona.

The Gown Queen's University Belfast

The Gown has provided respected, quality and independent student journalism from Queen's University, Belfast since its 1955 foundation, by Dr. Richard Herman. Having had an illustrious line of journalists and writers for almost 70 years, that proud history is extremely important to us. The Gown is consistent in its quest to seek and develop the talents of aspiring student writers.

Leave a Reply

Discover more from The Gown

Subscribe now to keep reading and get access to the full archive.

Continue reading