Croí na nGael ar Ollscoil: An Cumann Gaelach.
Eoghan Ó hÍr.

Suaitheantas an Chumainn Ghaelaigh
Ar ndóigh, is teanga bheo bhríomhar í an Ghaeilge i gceathrú na hollscoile anseo, an fáth ar bunaíodh an Cumann Gaelach ar an chéad dul síos agus an fhís atá aige. In ainneoin go ndeirtear go bhfuil an Ghaeilge á labhairt ag pobal an cheantair seo, is cosúil go bhfuil údaráis na hOllscoile idir dhá thine Bhealtaine faoi éilimh an phobail.
Ní hé sin le rá áfach nach ndéanann an Cumann obair na gcapall i gcur chun cinn na teanga go minic. Cé nach bhfuil polasaí cuimsitheach dátheangach i bhfeidhm ar ollscoil, is iomaí go léirítear an spéis agus an neart a bhíonn ag pobal na Gaeilge agus ag an Chumann Ghaelach.
Is dócha gur chóir don ollscoil i bhfad níos mó a dhéanamh leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Is é An Cumann Gaelach ar cheann de na cumainn is sine agus is bríomhaire anseo ar Ollscoil.
D’éirigh leis ag tús an fhichiú haois nuair a bunaíodh é in 1906 de bharr na ranganna ar eagraigh dream beag ar leith ar dtús. Ba é William Porter MacArthur (céimí leighis a bhí Gaeilge ar a thoil aige) i mbun an Chumainn mar chuid de ‘Choláiste na Banríona’, an seanainm a tugadh ar an ollscoil. Cruthaíodh post léachtóra sa Léann Ceilteach roimh i bhfad, mar thoradh ar dhea-obair an Chumainn agus ba thréimhse thar a bheith bisiúil é don Ghaeilge anseo [1].
I láthair na huaire, eagraíonn an Cumann imeachtaí éagsúla ar bhealach gníomhach, idir clár imeachtaí i bhforbairt phlean oibre chun pobal labhartha Gaeilge a chothú, agus tá fáilte mhór roimh chách, cibé caighdeán na Gaeilge atá acu. Imeachtaí idir tráth na gceisteanna sna tábhairní áitiúla, Oícheanta Ghléasta agus club reathaíochta a thagann le chéile le linn na seachtaine ina measc.
Is mór le hUachtarán an Chumainn Ghaelaigh faoi láthair, Maithín Ó hÁgáin, sin agus tugann sé ardmholadh do mhaitheas na n – imeachtaí toisc gur léir go bhfuil “fás céad fiche baill níos mó againn ná mar a bhí anuraidh, mar sin, tá breis is dhá chéad seasca againn sa ghrúpchomhrá (WhatsApp) i mbliana.”
Buaicphointe suntasach eile don Chumann Ghaelach i mbliana (agus pobal na Gaeilge i mBéal Feirste go háirithe) ná gur thug na mílte Gael cuairt ar an chathair mar chuid d’Oireachtas na Samhna ag deireadh mí Dheireadh Fómhair.

Foinse: Belfast Media, Conor McParland: Ionad Cois Cuain.
Tráth fíorthábhachtach atá ann ar an fhéilire i gcaitheamh na bliana. Ceiliúradh ollmhór atá ann ar an Ghaeilge le damhsa, ceoil agus seanchas den scoth. Bhí pobal na Gaeilge lán le díograis go raibh an tOireachtas ar ais sa chathair, an chéad uair roimh thús an aonú haois is fiche.
Lena chois sin, is cinnte go bhfeictear an dul chun cinn atá á dhéanamh agus is dóigh le Ó hÁgáin go bhfuil an Ghaeilge ag dul i bhfeabhas i measc an phobail, “ní hamháin sna himeachtaí nó cúrsaí foghlama, ach tá suim acu i gcúrsaí feacthais chomh maith”.
Bíonn an Cumann Gaelach ar thóir na cothromaíochta chun meas a léiriú i leith na Gaeilge ar ollscoil. Chun an fhírinne a rá, áfach, tá tuairim na hollscoile ag teacht chun solais. Is cosúil go bhfuil údarás na hOllscoile ar nós cuma liom le comharthaí dátheangacha; cnámh spairne atá ag an Chumann agus ag Gaeil (mar tá an ceart acu), a thagraíonn siar nuair a baineadh comharthaíocht dhátheangach in aontas na mac Léinn in 1997 [2].
Maidir leis an chur chuige cumarsáideach ar pholaisthe cuimsitheacha ón Ollscoil féin, creideann Ó hÁgáin go bhfuil “an scéal cineál bunoscionn, is dóigh liom. Cé go bhfuil an Ollscoil sásta chun tacú a thabhairt leis an Ghaeilge, ní léiríonn siad sin.” Mar sin, ba chóir don Ollscoil an Ghaeilge a chur chun cinn mar phríomhaidhm anseo.
Maidir le stádas na Gaeilge timpeall an champais, is cinnte go bhfuil sí ag dul i bhfeabhas ar na saolta seo leis an Scéim Chónaithe Ghaeilge do mhic léinn mar shampla, mar a n-aontaíonn Ó hÁgáin leis, agus luann sé gur tháinig borradh ar líon na mac léinn atá ag tabhairt faoin Ghaeilge ar Ollscoil na Banríona [3].
Sampla eile a luann an tUachtarán ná an Caife ‘Hope’, i gcroílár leabharlann Mac an Lia, ina mbíonn Gaeilge le fáil níos minice ná a mhalairt, le ‘focal an lae’ a dhéantar ansin agus tú i lár na scuaine ag fáil bháinín!

Foinse: Aodán Mag Uaid
Mar fhocal scoir, athdhearbhaíonn an tUachtarán arís go bhfuil an Cumann ar cheann de na cumainn is sine agus gur chóir don ollscoil aitheantas a thabhairt don Ghaeilge mar “sílim anois gur léir go bhfuil an t-aitheantas sin tuilte aici ar champas agus go bhfuil daoine á lorg.”
Cruthaíonn an Cumann íomhá agus dearcadh dearfach i leith na Gaeilge. Is é an Cumann glór na mac léinn. Is é an Cumann croí na nGael ar ollscoil.
Más maith leat clárú don Chumann Ghaelach, déan teagmháil leo ar na meáin shóisialta!
X: https://x.com/acgaelach_qub?s=21&t=Li_5EV4nXB3C9Jzkweb-_w
Instagram: https://www.instagram.com/cumanngaelachqub?igsh=NHJxdjZ5cTZ1djZq
TikTok: https://www.tiktok.com/@cumanngaelachqub?_r=1&_t=ZN-91a9INyxVLy
Foclóir:
Ollscoil – Univeristy
An Cumann Gaelach – The Irish Society
Stádas na Gaeilge – The status of Irish
An Léann Ceilteach – Celtic Studies
Uachtarán an Chumainn Ghaelaigh – President of the Irish Society
Tráth na gCeist – A Quiz
Club Reathaíochta – A running club
Buaicphointe – Highlight
Ceiliúradh ollmhór – a massive celebration
Dámhsa, ceol, agus seanchas – Dance, music, and folklore/storytelling.
Cnámh Spairne – A bone of contention
An t-aonú aois is fiche – The twenty – first century
Bunoscionn – Upside down
Leabharlann Mac an Lia – The McClay Library
Báinín – Flatwhite
Tagairtí:
[1] Blaney, Roger. Presbyterians and the Irish Language. Ulster Historical Foundation, 1996.
[2] Queen’s University society to continue fight for dual language signs putting indigenous Irish on equal terms with English. (2025, April 17). The Irish News. Retrieved November 17, 2025, from https://www.irishnews.com/news/northern-ireland/queens-university-society-to-continue-fight-for-dual-language-signs-putting-indigenous-irish-on-equal-terms-with-english-XHEZPIZVTZHFFJJY4JCXKP5LPY/
[3] Méadú ar líon na mac léinn Gaeilge in Ollscoil na Banríona le glúin nua na teanga. (2025, October 2025). Seachtain. Irish Independent. Retrieved November 17, 2025, from https://www.independent.ie/seachtain/meadu-ar-lion-na-mac-leinn-gaeilge-in-ollscoil-na-banriona-le-gluin-nua-na-teanga/a125810987.html
