An port céanna arís! Tá mórán le foghlaim ag rialtas na Breataine fós: Mo Chara ar ais i Londain.
Eoghan Ó hÍr – Eagarthóir Gaeilge.
Tháinig ball ón ghrúpa rap Kneecap os comhair na hArd – Chúirte sna Cúirteanna Ríoga Coiriúla arís i Londain. Bhain sé leis an chás sceimhlitheoireachta a bhí i lár an aonaigh ar na mallaibh [1]. I ndiaidh dul trí phróiseas fada, caitheadh an cás sin i gcoinne Liam Óg (nó Mo Chara mar ainm cleite atá aige) amach ag deireadh mí Meán Fómhair in 2025.
An port céanna arís áfach nuair a tháinig Liam Óg ar ais sa chúirt de bharr an achomhairc a rinneadh i gcoinne an cháis sin. Rinne an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí achomharc in aghaidh an cháis sin [2].
Ní raibh rud ar bith nua ansin, áfach. Ba chás é sin is eol dúinne go maith agus cás nach éasca dearmad a dhéanamh air go fóill. Tugadh le fios gur léirigh seo ar fad croí na faidhbe i bhfianaise impleachtaí leanúnacha agus tháinig rialtas na Breataine faoi scrúdan méadaitheach de bharr an tseasaimh a glacadh, agus bhí cinsireacht á cur ina leith sula i bhfad.
In ainneoin na ndúshlán leis an chás nua seo, mhaígh an grúpa fós nach raibh ordóg abhrais ag duine nó dhó agus go raibh na húdaráis arís ag iarraidh aird a bhaint den fhírinne i leith na n-eachtraí a mbíonn ag titim amach sa Phalaistín. Sin an scéal ar fiú dúinn smaoineamh air.
Dá mhéad focal a deir tú, is amhlaidh is fearr. Sa bhreis air sin, dúirt an grúpa go gcuirtear am amú sna cúirteanna, agus go gcaitear airgead poiblí “ar mhaithe le polaiteoirí atá gafa le daoine a léiríonn dlúthpháirtíocht in aghaidh an chinedhíothaithe a chur ina dtost” [3]. Bhí dóchas le haimsiú go forleathan agus ba mhór ag Kneecap go seasann an pobal tacaíochta leo sa chás seo.

Lucht tacaíochta taobh amuigh na cúirteanna. Foinse: The Irish News
Léirigh siad a gcuid tacaíochta do thriúr gníomhaithe a ndeachaigh ar stailc ocrais ar son na Palaistíne. Tosaíodh é in aghaidh thionscal na harmála sa Bhreatain a bhfuil nasc acu le hIosrael. Chríochnaigh siad an stailc i ndiaidh a fógraíodh é nár éirigh leis an chomhlacht sin conradh rialtais a fháil [4].
Scéal thar a bheith tábhachtach atá ann chun aitheantas a léiriú ar an fhírinne shearbh sa domhan. Ábhar mór aitheanta is ea é scéal Mo Chara fosta agus beidh sé le feiceáil go luath cad é a thitfidh amach.
Foclóir:
An Ard-Chúirt – The High Court
Cúirteanna Ríoga Coiriúla – Royal Courts of Justice
An port céanna arís – Here we go again
Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí – Director of Public Prosecutions
Achomharc – An appeal
Ainm cleite – Stage / pen name
Cinsireacht – Censorship
Sa bhreis air sin – Additionally
Airgead poiblí – Public Money
Am amú – Waste of time
Polaiteoir – A politician
Cinedhíothú – Genocide
Dóchas – Hope
Gníomhaí – An activist
Stailc ocrais – Hunger strike
An fhírinne shearbh – The bitter truth
Tagairtí:
[1] Físeán: ‘Níor éirigh le bhur n-iarracht sinn a chur inár dtost’ – cás in aghaidh ‘Mo Chara’ caite amach as an gcúirt (2025, Meán Fómhair 26). Faighte Eanáir 12, 2026, ó https://tuairisc.ie/fisean-nior-eirigh-le-bhur-n-iarracht-sinn-a-chur-inar-dtost-cas-in-aghaidh-mo-chara-caite-amach-as-an-gcuirt/
[2] Judgement reserved in appeal against Kneecap member (2026, Eanáir 14). BBC News. Faighte Eanáir 14, 2026, ó https://www.bbc.co.uk/news/articles/crrn7x8dgwwo
[3] Ráiteas Kneecap ar Instagram (2026, Eanáir 14). Faighte Eanáir 14, 2026, ó https://www.instagram.com/kneecap32/p/DTf7s3yDTnl/
[4] The final days of the Palestine hunger strike: Three alleged Palestine Action activists ended their hunger strike last night (2026, Eanáir 15). Faighte Eanáir 15, 2026, ó https://www.newstatesman.com/politics/uk-politics/2026/01/inside-the-final-days-of-the-palestine-hunger-strike
