GaeilgeNewsUncategorized

‘Léas dóchais’ is ea é an Tuaisceart i saol na linne: tugann Uachtarán na hÉireann cuairt ar an Tuaisceart.   

Eoghan Ó hÍr – Eagarthóir Gaeilge.

Cuireadh fearadh na fáilte roimh Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, os comhair Chaisleán Chnoc an Anfa an Chéadaoin seo caite. Bhuail an tUachtarán leis an Chéad – Aire agus an Leas – Chéad Aire. 

Cé go bhfuil a téarma féin sna luath laethanta go fóill, tá sé soiléir cad é atá sí ag iarraidh a chur in iúl leis an teachtaireacht a bheith ceart.

Is cinnte gur tosaíocht mhór é polaitíocht an Tuaiscirt di nuair a cuireadh é faoi bhráid an rialtais agus an lucht polaitíochta ag insealbhú an Uachtaráin i mí na Samhna seo caite. 

Foinse: PA Media

Ag toiseacht amach ar an aistear, dúirt Connolly ansin go raibh sí ag súil go mór leis an fhreagracht atá roimpi, agus le cuairt a thabhairt ar an Tuaisceart, “chun bualadh le daoine as gach grúpa pobail, ag ceiliúradh oidhreacht shaibhir agus traidisiúin na ndaoine a bhfuil cónaí orthu ann” [1]. 

Seó aonmhná a bhí ann don tréimhse cheithre mhí sin nuair a d’fhógair sí go mbeadh sí ina hiarrthóir d’uachtaránachta, mar Theachta Dála neamhspleách ó Chathair na Gaillimhe. Le himeacht an fheachtais, bhí clár tacaíochta aici ó cheannaireacht na nDaonlathaithe Sóisialta, Daoine roimh Bhrabús, agus Sinn Féin ina measc.  

Sa bhreis air sin, tá dóchas le haimsiú gur mór ag polaiteoirí sa Tuaisceart gur dul chun cinn suntasach iad a cuid iarrachtaí agus an dóigh a mbíonn sí ag comhoibriú leo.

Le linn na hóráide a thug an tUachtarán i mBéal Feirste, mhol sí gur gá dúinn braistint áite a thabhairt do na traidisiúin éagsúla fud fad an oileáin seo, mar is féidir leo cothú cultúir a chur in iúl. “Níor cheart dár gcluichí, ár gceoil, ár dteangacha, agus cuirim béim ar theangacha, deighilt a chothú eadrainn” [2].

I rith an ama sin, chuaigh an tUachtarán ar aghaidh go Cathair Dhoire, agus bhuail Connolly le teaghlaigh na ndaoine a dúnmharaíodh agus a gortaíodh ar Dhomhnach na Fola i mí Eanáir 1972, le linn na dtrioblóidí. Bhuail sí le réimse eagraíochtaí pobail agus deonacha, a mbíonn i mbéal forbartha, ag déanamh obair sa bhreis. 

Murab ionann is go leor dá hiomaitheoirí sa toghchán anuraidh, is cinnte gur Uachtarán na nGael í Connolly, rud speisialta a dtugann an – mhisneach do Ghaeilgeoirí, bíodh siad líofa nó ná bíodh.

Cuirtear i gcuimhne dúinn nuair a d’fhreastal sí ar an Oireachtas i lár Bhéal Feirste in imeacht seachtaine ón uair a ceapadh í. B’iontach an ócáid a bhí ann an fómhar seo caite, an chéad uair roimh thús an aonú haois is fiche nuair a bhí an tOireachtas ar ais sa chathair.  

Bean bhreá spórtúil atá inti chomh maith mar is eol dúinn. Níl dabht ar bith faoina scileanna peile nó cispheile fiú, de réir mar a scaipeadh físeán go forleathan dá cumas cispheile ag ionad aclaíochta Ollscoil na Banríona.

Cé go bhfuil camchuairt an Tuaiscirt an chéad chuairt oifigiúil mar Uachtarán, beidh neart tosaíochtaí aici in áiteanna eile san am atá le teacht. Is dócha go mbeidh polasaithe faoin chosaint agus an neodracht ag dul i méid i ndíospóireacht pholaitiúil.

Foinse: The Irish Times.

Arís eile, is iomaí a léiríonn Connolly tacaíocht don traidisiún molta idirnáisiúnta i dtaca le neodracht, ag maíomh gur chóir do thíortha eile aird chuí a thabhairt d’Éirinn, í atá curtha mar cheannaire i gcaidreamh taidhleoireachta. 

San Aontas Eorpach, beidh an tír bheag seo ag ullmhú d’uachtaránachta na hÉireann a chomhlíonadh ar Chomhairle na hEorpa sa dara leath den bhliain [3], mar sin, beidh na díospóireachtaí seo faoi lán seoil.  

‘Léas dóchais’ is ea é an Tuaisceart i saol na linne agus is le réitigh phraiticiúla agus nuálacha a léireofar ceannaireacht bunaithe ar chothromas, dar leis an Uachtarán. Is é rogha an córas polaitiúil ó thuaidh leas a bhaint as an phróiseas seo. 

Foclóir:

Uachtarán na hÉireann – The President of Ireland 

Caisleán Chnoc an Anfa – Stormont Castle

Freagracht – Responsibility

Oidhreacht – Heritage

Dul chun cinn suntasach – A significant progression 

Braistint áite – A sense of place 

Domhnach na Fola – Bloody Sunday

Iomaitheoir – A competitior 

Neodracht – Neutrality 

An Aontas Eorpach – The European Union 

Comhairle na hEorpa – The European Council 

Tagairtí:
[1] Inaugural Speech of President Catherine Connolly, Dublin Castle, (2025, Samhain 11). Faighte Feabhra 5, 2026, ó https://president.ie/en/diary/details/inauguration-of-president-catherine-connolly/speeches

[2] Speech by President Connolly at Ulster University. (2026, Feabhra 4). Faighte Feabhra 5, 2026, ó https://president.ie/en/media-library/speeches/speech-by-president-connolly-at-ulster-university

[3] Molta ag feisire Eorpach go bhfostófaí ateangairí go gearrthéarmach i bParlaimint na hEorpa d’uachtaránacht na hÉireann. (2026, Feabhra 4). Faighte Feabhra 5, 2026, ó https://tuairisc.ie/molta-ag-feisire-eorpach-ateangairi-a-fhostu-go-gearrthearmach-i-bparlaimint-na-heorpa-duachtaranacht-na-heireann/

The Gown Queen's University Belfast

The Gown has provided respected, quality and independent student journalism from Queen's University, Belfast since its 1955 foundation, by Dr. Richard Herman. Having had an illustrious line of journalists and writers for almost 70 years, that proud history is extremely important to us. The Gown is consistent in its quest to seek and develop the talents of aspiring student writers.

Leave a Reply

Discover more from The Gown

Subscribe now to keep reading and get access to the full archive.

Continue reading