Páirceanna Imeartha Bhóthar Boucher: Nach bhfuil níos fearr ná seo tuillte againn?
Johnny McCann
An dtig linn ceol AGUS spórt a bheith idir lámha againn? Dar lenár bpolaiteoirí nach dtig.
Coicís ó shin, bhí Páirceanna Imeartha Bhóthar Boucher faoi chaibidil i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste. Spás mór is ea é ina bhfuil níos mó ná 40,000 in ann freastal ar cheolchoirmeacha, ach is é an tuairim i measc roinnt páirtithe (Sinn Féin agus an SDLP) gur ceart na páirceanna a úsáid chun spórt a chur chun cinn arís. Ba mhaith leo an CLG a bheith ar an suíomh, cosúil leis an am a chuaigh thart.
Ar an taobh eile, thug an DUP agus an Páirtí Glas tacaíocht do rún de chuid Pháirtí an Chomhaontais chun an spás a chaomhnú mar ionad imeachta. Dar le Páirtí an Chomhaontais nach bhfuil sé ceart ceolchoirmeacha móra a chailleadh ar an suíomh. Mar gheall ar an easaontas, cuireadh na pleananna ar athlá.
Dúirt Micky Murray, comhairleoir de chuid Pháirtí an Chomhaontais:
“No one is arguing Boucher Road should remain an events space forever. I am not opposed to turning it to playing fields in the long term, to close it without first securing a replacement is simply poor planning.”
Mhothaigh Sinn Féin agus an SDLP gur chuid d’fheachtas in éadan an CLG a bhí san eachtra seo. Dar le Ciaran Beattie, comhairleoir de chuid Shinn Féin:
“There is one way to describe this, and it is discrimination. It is because of what it is. We are talking about 26 sites across Belfast, and the only two sites that people have issues with are GAA pitches.” [1]
Ní hamháin gur taispeánadh na difríochtaí polaitiúla, léiríodh fadhb eile de bharr na heachtra seo; is cosúil nach bhfuil spás againn ach do rud maith amháin. Cén fáth nach dtig linn spórt agus ceol araon a bheith againne? Cén fáth nach bhfuil ionaid móra imeachtaí eile againne? Cén fáth ar cuireadh spórt in éadan ceoil sna meáin?
Níor cheart go mbeadh ar Thuaisceart na hÉireann rogha a dhéanamh idir spórt agus ceol toisc nach bhfuil ionaid oiriúnacha againn.
Cuid amháin d’fhadhb ollmhór atá sa díospóireacht seo maidir leis an infreastruchtúr siamsaíochta i dTuaisceart na hÉireann.
Samhlaigh an méid seo – Béal Feirste, ar theilifísí ar fud an domhain, toisc go mbeadh cluichí móra sacair nó iomána ar siúl, nó toisc go mbeadh imeachtaí cáiliúla mar Eurovision nó mar Oíche Chinn Bliana ar ardán anseo.

Fontaines D.C ag seinm i bPáirceanna Imeartha Boucher an Lúnasa seo caite.
Idir Páirc Mhic Ásmaint agus ciorruithe maoinithe do na hEalaíona, is léir gur theip ar na hÚdaráis (an Chomhairle, Cnoc an Anfa, agus Rialtas na Breataine araon) chun cuidiú a thabhairt do na hearnálacha seo a bhíonn ag streachailt.
Is fíor gur chaill an Tuaisceart an seans chun Craobhchomórtas Sacair na hEorpa a bheith anseo toisc nach bhfuil ionad cuí againn, agus ní thagann ceoltóirí móra chun an Tuaiscirt mar gheall ar easpa ionaid (den chuid is mó), mar shampla Taylor Swift, Coldplay agus P!nk.
Tá na hearnálacha seo i mbun fáis in Éirinn. Beidh an Fleadh Ceoil ar siúl i rith an tsamhraidh i mbliana i mBéal Feirste, agus anuraidh, tháinig na Gaeil uilig chun Oireachtas na Samhna i Halla Uladh. Ó thaobh an spóirt de, tá sacar na mban ag bailiú nirt, agus i 2024 bhain lúthchleasaithe ón Tuaisceart ceithre bhonn óir amach sna Cluichí Oilimpeacha i bPáras.
Go bunúsach, is breá le daoine spórt, agus is breá le daoine ceol. Níl sé ceart nó cothrom go gcaithfidh muid cinneadh a dhéanamh eatarthu toisc nach bhfuil na hÚdaráis ar a gcumas freastal cuí a dhéanamh orthu araon. Caithfidh muid díriú ar bhogadh ar aghaidh i dtreo na todhchaí, agus tá baint ollmhór ag spórt agus ag ceol leis an turas sin.
Foclóir
Comhairle Cathrach Bhéal Feirste – Belfast City Council
Ceolchoirmeacha – Concerts
Cumann Lúthchleas Gael (CLG) – The Gaelic Athletic Association (GAA)
An Páirtí Glas – The Green Party
Páirtí an Chomhaontais – The Alliance Party
Comhairleoir – Councillor
Ionad – Venue
Samhlaigh – Imagine
Páirc Mhic Ásmaint – Casement Park
Ciorruithe maoinithe – Budget cuts
Craobhchomórtas Sacair na hEorpa – The European Football Championship
Earnálacha – Sectors
A bheith i mbun fáis – growing
Cnoc an Anfa – Stormont
Cinneadh – Decision
[1] Kenwood, M. (2026) ‘Boucher Road Playing Fields decision to go back to the drawing board as GAA and soccer pitch plan shelved’. Ar fáil ag:
https://www.belfastlive.co.uk/news/belfast-news/boucher-road-playing-fields-decision-33393775 (faighte 11 Feabhra 2026).
