Ré agus forbairt úrnua i leith na Gaeilge: Ceapachán an Choimisinéara Gaeilge ó thuaidh.
Eoghan Ó hÍr – Eagarthóir Gaeilge.
Tréimhse shuntasach a bhí inti do phobal na Gaeilge ó thuaidh i ndiaidh cheapachán an Choimisinéara Gaeilge ag deireadh mí Dheireadh Fómhair. Is fiú a lua gur díol suime é an ceapachán, mar ní raibh an oiread sin ról sa tuaisceart ó thaobh na rialtais de.
Ceapadh Pól Deeds sa ról i dtaca le rialúcháin agus tuairisciú chun a chinntiú go gcuirfear an caighdeán dea-chleachtais i bhfeidhm i leith na Gaeilge. Chomh maith le sin, ceapadh an chéad Choimisinéir don Traidisiún Albanach Ultach agus don Traidisiún Briotanach Ultach, chun spriocanna an phobail sin a chur i gcrích.

Foinse: Colm Leneghan, The Irish News.
Chun an fhírinne a rá, ba mhór an faoiseamh do phobal na Gaeilge faoi dheireadh chúig bliana go leith i bhfianaise éilimh leanúnacha sa tsúil go gcloítear leis an fhreagracht sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua in Eanáir 2020.
De réir critéir an chomhaontaithe seo, bhí sé geallta ag rialtas na Breataine agus rialtas na hÉirinn go bhunófaí An Oifig um Fhéiniúlacht agus Léiriú Cultúrtha chun aidhmeanna an bheirt choimisinéir a chomhordú [1].
Sa chomhaontú, is é buntuiscint na míre i gcomhair cearta teanga agus féiniúlachta ná go mbeadh cumhacht ag an Choimisinéir Ghaeilge le comhairle a chur ar Chnoc an Anfa agus ar na húdaráis phoiblí ar bhonn lánaimseartha.

An iar-Thánaiste agus an iar-státrúnaí Simon Coveney agus Julian Smith, Eanáir 2020. Foinse: The Belfast Newsletter.
Ar an phodchraoladh Tuairisc ó Bhéal le Póilín Ní Chiaráin [2], mhaígh An Coimisinéir go mbeadh dualgas aige reachtaíocht na Gaeilge a chur chun cinn “i ngach údarás poiblí anseo agus beidh orthu a léiriú go bhfuil siad ag iarraidh a bheith comhlíontach”, agus tá an chuma sin orthu cheana féin dar leis.
Beidh na comhairlí áitiúla sásta go leor an caighdeán cuí a chothú, mar a fheictear dó nuair a bhí sé i dteagmháil leo mar leas – phríomhfheidhmeannach le Foras na Gaeilge, “agus caithfidh mé a rá, mhothaigh mé go raibh mé ag brú in éadan doras a bhí oscailte cheana féin.”
Eagraíocht náisiúnta atá ann Foras na Gaeilge, a bhfuil dualgas aici don chóras rialtais sa dá dhlínse, i bpleanáil teanga agus i dtacaíocht leanúnach timireachta agus monatóireachta.
Beidh réimse leathan ag ról an choimisinéara, i mBéal Feirste go háirithe agus i bpobal an cheantair sin chomh maith. Ag tús mí Dheireadh Fómhair, glacadh le polasaí dátheangach sa Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, buaicphointe eile ar thóir na cothromaíochta chun meas a léiriú don Ghaeilge [3].
Beidh polasaithe Gaeilge ag teacht faoi scrúdan ó thaobh na reachtaíochta de, agus is fíor go gcaithfidh an Chéad – Aire agus an leas-Chéad – Aire réamhfhaomhadh a chur ar fáil i leith feidhmeanna an choimisinéara.

An Chéad-Aire agus an LeasChéad Aire. Foinse: The Belfast Telegraph
Is cinnte go gcuirfidh sé seo deiseanna foghlama ar fáil do Chnoc an Anfa agus d’Oifig an Fheidhmeannais stádas agus dearcadh dearfach i leith na Gaeilge a chur chun cinn. Mar sin, níor cheart go ndéanfaí ábhar idirbheartaíochta den ról seo sa struchtúr ceart bainistíochta ar son na teanga.
Is mór an trua é go bhfuil ionsaithe frith-Ghaeilge á ndéanamh ag duine nó dhó i sochaí an lae inniu, áfach [4]. Chuirfeadh an naimhdeas déistin ort, daoine nach bhfuil aon ordóg abhrais acu.
Is iomaí a léiríonn an Coimisinéir an tábhacht a bhaineann leis an dhlúthcheangal idir cultúr agus féiniúlacht i láthair na huaire, mar “is iad na rudaí a chothaíonn muid mar dhaoine daonna ná na healaíona, cultúir, teanga, is iad sin na rudaí a dhéanann daoine daonna asainn agus is iad sin na rudaí a dhéanann sochaí shiabhialta asainn”, agus tá sé sin ag dul i bhfeabhas gan dabht.
Ní bheidh imní dá laghad ar an Choimisinéir a chuirfidh a stampa féin ar chúrsaí, agus “beidh mé ag iarraidh iad a thabhairt chun cuntais mar ní féidir le daoine cuid de na rudaí bréagacha atá siad ag rá fúm faoi láthair a rá go leanúnach, mar beidh siad ag iarraidh cosc a chur ar obair an choimisinéara agus tá sé sin in éadan an dlí.”
Nocht an Coimisinéir le Ní Chiaráin gur iarradh air comhairle agus treoir a chur ar fáil leis an scéal a bhaineann le comharthaíocht dhátheangach i Mórstáisiún Bhéal Feirste, nó “Cros na bhFíodóirí” mar a thugtar air.

Mórstáisiún Bhéal Feirste. Foinse: Translink.
Is mór leis an Choimisinéir nua na dúshláin a bheidh roimhe sa ról seo, agus seans ann go mbeidh fíordhúshláin aige, ach, in ainneoin sin, is dócha go bhfuil príomhfhócas s’aige ná an Ghaeilge a chur i bhfeidhm chun sástacht an phobail, agus “taobh istigh de chúig bliana, go mbeidh aghaidh na seirbhísí poiblí athraithe ó bhun le go mbeidh siad níos fáiltiúla d’úsáideoirí, na seirbhísí sin a bhfuil Gaeilge acu, agus is tasc ar leith é sin.”
Ré agus forbairt úrnua atá buailte linn, agus a fhad is a mhairfidh sí.
Go n – éirí an bóthar leis an Choimisinéir Gaeilge nua Pól Deeds.
Foclóir:
An Coimisinéir Gaeilge – The Irish Language Commissioner
An Coimisinéir don Traidisiún Albanach Ultach agus don Traidisiún Briotanach Ultach – The Commissioner for the Ulster Scots and the Ulster British Tradition.
Faoiseamh – Relief
Ré Nua, Cur Chuige Nua – New Decade, New Approach
An Oifig um Fhéiniúlacht agus Léiriú Cultúrtha – The Office of Identity and Cultural Expression
Cnoc an Anfa – Stormont
Podchraoladh – A podcast
Údarás poiblí – A local authority
Reachtaíocht – Legislation
Comhairle Cathrach Bhéal Feirste – Belfast City Council
An Chéad-Aire – The First Minister
An leas-Chéad – Aire – The deputy First Minister
Oifig an Fheidhmeannais – The Executive Office
Mórstáisiún Bhéal Feirste – Grand Central Station Belfast
Cros na bhFíodóirí – Weaver’s Cross
Seirbhís phoiblí – A public service
Tagairtí:
[1] The New Decade, New Approach Deal (2020, January). Retrieved November 27, 2025, from https://assets.publishing.service.gov.uk/media/5e178b56ed915d3b06f2b795/2020-01-08_a_new_decade__a_new_approach.pdf
[2] AN POD GAEILGE – Tuairisc Ó Bhéal: ‘Ní bheidh mé ábalta intinn polaiteoirí atá glan i gcoinne na teanga a athrú ach beidh mé ag iarraidh iad a thabhairt chun cuntais’ – An Coimisinéir Gaeilge.’ (2025, November 27). Retrieved November 27, 2025, from https://open.spotify.com/episode/7cRxkgQOIN5eXbRrvbJgGW?si=DhWbZwsKQgahEL5ZWRtJqA&t=0&pi=UuXf4tbjRiajG
[3] Belfast City Council votes in favour of Irish language policy. (2025, October 1). BBC News. Retrieved November 27, 2025, from https://www.bbc.co.uk/news/articles/c5yge58rpnmo
[4] Anti – Irish language rhetoric ‘emboldens’ vandals. (2025, Ocotber 13). BBC News. Retrieved November 27, 2025, from https://www.bbc.co.uk/news/articles/cvgvx7zpl1vo
